Ar Bhruach Na Laoi

Liam Ó Maonlaí, Fiachna Ó Braonáin, Kieron Kennedy, Dave Clarke, Traditional

Nach brónach a bhí mise
Nuair a d'fhága mé an baile
Agus dúirt mé slán leatsa
A dhíl Éirinn mo ghrá
Gidh gur fhéach mé bheith súgrach
Á, ba deorach mo shúile
'S mé a' scaradh óna chéile úd
Nach bhfeicfead go brách

Ag scaradh go brách, brách
Le cnoic agus gleannta
Agus cathair dheas Chorcaí
Nach bhfeicfead arís
Ag scaradh go deo, deo
Leis na cairde ba dhílse
Ó dhil-chairde m'óige
Ar bhruacha na Laoi

Nach minic a d'éiríodh
Grian lonrach na spéire
Nach minic a bhuail sí
Faoi uiscí na dtonn
Ó d'fhága mise an lá siúd
Mo mháithrín dhil Éireann
Agus chuaigh mé thar sáile
Chun na tíre seo anonn

Ach fós in mo chroí istigh
Tá cuimhne ar lasadh
Ar maidin, iarnóin
'S le titim na hoíche
'S i m'aisling arís
Bím i gcónaí mo sheasamh
Ar charraig fhíor m'óige
Ar bhruacha na Laoi

Curiosidades sobre a música Ar Bhruach Na Laoi de Hothouse Flowers

Quando a música “Ar Bhruach Na Laoi” foi lançada por Hothouse Flowers?
A música Ar Bhruach Na Laoi foi lançada em 2010, no álbum “Goodnight Sun”.
De quem é a composição da música “Ar Bhruach Na Laoi” de Hothouse Flowers?
A música “Ar Bhruach Na Laoi” de Hothouse Flowers foi composta por Liam Ó Maonlaí, Fiachna Ó Braonáin, Kieron Kennedy, Dave Clarke, Traditional.

Músicas mais populares de Hothouse Flowers

Outros artistas de Pop rock