Thios Chois Na Tra Domh

Jörgen Elofsson

Thíos cois na trá domh, in ndoimhneacht na h-oíche
An saol mhor ina gcodhladh, 's mise liom féin
Na h-éanacha mara ag scairtigh go léanmhar
Cosúil le h-anamnacha bochta i bpéin.

Iomlán gealaí 's iomlán rabharta
Aoibhneas 's ciúineas, 's áilleacht sa domhain
Crónán na fairrige ag dul siar ar mo chluasa
Bog-cheol an uisce ag sileadh san abhainn.

Istigh ar na h-inseáin tá sean-reilig bheannaithe
An áit inar mhaireadh naoimh san aimsir fadó
Tá daoine istigh ann ag chaith seal go h-aerach
Ní shiúlfaidh siad thar fán chladaigh níos mó.

Bhuail uaigneas m'intínn 's mé ag amharc ar an reilig
'S mé ag meadhradh ar dhaoine istigh ann ina luí
Fir a's mná óga, seandaoine 's páistí
Muintir mo mhuintir 's cairde mo chroí.

Tá na coiligh ag glaoch 's na réalta ag bánú
Tá an ghealach ina luí 's ní fada go lá
Slán agat anois a shean-reilig bheannaithe
'S na daoine a shiúlfadh liom síos cois na trá.

Curiosidades sobre a música Thios Chois Na Tra Domh de Clannad

Em quais álbuns a música “Thios Chois Na Tra Domh” foi lançada por Clannad?
Clannad lançou a música nos álbums “Clannad” em 1973, “A Magical Gathering: The Clannad Anthology” em 2002 e “Clannad: Christ Church Cathedral” em 2012.
De quem é a composição da música “Thios Chois Na Tra Domh” de Clannad?
A música “Thios Chois Na Tra Domh” de Clannad foi composta por Jörgen Elofsson.

Músicas mais populares de Clannad

Outros artistas de New Age