A chomaraigh aoibhinn ó
Mo bheannacht óm' chroí
Dod’ thir 's dod' shléibhte
Is dod’ mhuintir shuairc
Ar dual dóibh féile
Do shrutháin gheala
'S do choillte craobhach
Do ghleannta meala
'S do bhánta léire
Ó grá mo chroí
Iad siúd le chéile
Is dathúil breá
Do chruacha scéimchruth
Nuair a lasaid suas
Le hamharc gréine
Na faillte 's leacain
Ar gach taobh diot
Mar bhrata sróil
Le seolta gleásta
Nuair a scaipeann an drúcht
Anuas ón spéir ort
Do bhíos thar sáile
Seal i gcéin uait
I ndúthaigh fáin
Ag déanamh saoithair
Ach b'obair tháir liom
Cnuasach gréithre
I bhfad óm' ait
Fé scáil do shléibhte
Is chas mé arís ort